Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag breathnú ar Chonán agus dubhairt sí: Aithnighim culaith an chlaidhmhe Dheirg, réalt onórach agus an t-éadach ach ní aithnighim a dheilbh ná é fhéin. Ní dhearna Conán ach cloch a thabhairt as a phóca mar nár imthigh sé ariamh gan póca cloch agus chaith sé le máthair an Ríogh é agus marbhuigh sé ar an bhpoinnte í. Dubhairt Rí Lochlann annsin leis: "Marach gur tú Dearg Mór mo Bhráthair. Ba mhór é m'fhearg leat faoi gur mharbhuigh tú mo mháthair". Dubhairt Conán annsin:- "Sin é dlíghe na Spáinne", na cailleacha a theigheanns ó láthair a dtabhairt amach agus a mbáthadh." Chaith Rí Lochlann annsin ag caint leis an Dearg Mór mar dubhairt sé agus é innseacht dhó an chaoi a bhí aige le na Fianna a chur chun báis agus d'fhiafruigh sé dhó an bhfaca sé ag teacht iad agus dubhairt seisean go bhfaca. Ar maidin lá'r na bháireach dubhairt an Rí le Conán a dhul go dtí an áit a raibh a mhac(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Chonaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Parthalán Ó Chonaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe