Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Soilighe Fionn go Tír Lochlann.Nuair a bhí na fianna i n-Éirinn fadó sé Fionn Mac Cumhaill a bhí i n-a rí orra. Gollaill agus Goill Diarmad Donn, Oscar an Fháill agus Conán Maol a bhí i n-a gceannphuirteacha ar an arm ag Fionn. Fios Fhinn, buaidh Chonain neart Ghoill agus luas Oscair a bhí mar bhuaidh aca. Fios Fhionn: Bhí fhios ag Fionn nuair a chonglochadh sé an ordóg go dtí an smir.
Buaidh Chonáinn. Bhí buadh ag Conán ach ní raibh fhios aige féin é ach 'séard a dhéanfadh na Fianna uilig ach breathnú thríd a laidhreacha agus bhiodh buaidh ag Conán annsin 'Sé an fath nár innis siad dó é mar bhí sé droch-mhúinte, meargáinteach, angóinteach agus sgléipeach agus ní dheacha sé i n-aon áit ar bith gan lán a phóca de chlocha. Stoirm ar shliabh nó clocha sneachta ar loch níor thréine é sin ná Conán Maol ag caitheadh cloch.
Neart Ghoill:- B'é Goll an fear ba(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Chonaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Parthalán Ó Chonaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe