Scoil: Ros Muc

Suíomh:
Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Stiofán Ó hOisín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 384

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 384

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ros Muc
  2. XML Leathanach 384
  3. XML “Snámhóir Maith”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Snámhoir Maith
    Is iomdha snámhóir maith a bhí i gConamara fadó agus is iomdha duine a shábhail snámhóirí maithe Bhí fear ann fadó agus bhí a dhearbhráthair i n-éinfheacht leis ag iarraidh lucht feamnuinne. Bhí an iomarca feamnuinne aca agus d'iompuigh an bád. Bhí snámh ag duine aca ach ní raibh snámh ag an duine eile. Thug an fear nach raibh snámh aige maide rámha leis agus bhí sé ag a bheith ag snámh air ach ní raibh aon mhaith dhó ann. Annsin ghlaoidh sé ar a dhearbhráthair agus d'iarr sé air é a shábháil. Tháinig a dhearbhráthair anall chuige agus thug sé leis ar a dhruim é agus thug sé ar an talamh tirim é. Is beagnach raibh sé báidhte.
    Lá eile chuaidh sé fhéin agus glac daoine eile ag snámh. Lá breágh a bhí ann. Chuaidh siad amach i mbád sgathamh maith. Is gearr go dtáinig gála mór agus báthadh an bád
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Marcus Ó Conaire
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ros Cíde, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Padraig Ó Conaire
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Ros Cíde, Co. na Gaillimhe