Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Muc
- XML Leathanach 378
- XML “Áth Luachra”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé amuigh ina chodladh aon oidhche amháin. Nuair a bhí sé sgathamh ina chodladh chuaidh áth luachra ins bhéal agus siar ina bholg. Nuair a dhúisigh sé bhí fhios aige go raibh rud éigin ina bholg ach ní raibh fhios aige gur'bh í an áth luachra a bhí ann.
Bhíodh sé tinn go han mhinic agus bhí sé an tanaidhe. Ní raibh fhios aige ceard a bhí air ach bhí fios aige go raibh rud éigin ina bholg.
Chuaidh sé san ospidéal agus chaith sé na bliadhanta ann. Ní raibh fhios ag na dochtúirí ná ag duine ar bith ceard a bhí air. Ach nuair a bhí sé sgathamh mór san ospidéal fuair na dochtúirí amach go raibh áth luachra ina bholg Bhíodh sé ag iarraidh i gcómhnuidhe ach ní thiubhradh na dochtúirí aon deoch dhó mar bhí fhios aca gur'bh ó'n ath luachra a bhí an deoach ag teastáil.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Thnúthail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Thnúthail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe