Scoil: Ros Muc
- Suíomh:
- Ros Muc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Stiofán Ó hOisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Muc
- XML Leathanach 367
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-SgéalBhí fear ann ar bh'ainm dhó Colm Ó Ruairc agus bhí cloigeann cuit air. Ba fathach a bhí ann agus tháinic sé chuig Beann Éadair ó'n Domhan Thoir go dtí an áit a raibh na Fianna i na gcómhaidhe. [!] Bhí fhios aca go raibh a leithéid d'fhear ann agus mar gheall ar go raibh sé go neamh fhaiththeach is go dtáinic sé go hÉirinn bhí fhios aca nach bhfághfadh sé aon duine beo aca. Bhí bean an chríona ag Cormac Mac Airt. Ghléas sí suas cliabhán do dhuine aca, ghléas sí suas duine eile aca ag tabhairt aire do bheithidhigh agus chuir sí an chuid eile i bhfolach mar bhí fhios aice nach bhfágfadh sé aon duine beo aca. Rinne sé dhá cháca agus chuir sí greideall i gceann aca. Nuair a tháinic an fear mór isteach chuir sé tuairisg na bhFiann. D'fhiafruigh sé cá rabhadar. Dubhairt an bhean go raibh siad imthighthe ag fiadhach. D'fhiafruigh sé "cé tá san gcliabhán" dubhairt sí gur páiste sé mí agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Chonaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Conaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Ros Cíde, Co. na Gaillimhe