School: Ros Muc

Location:
Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Stiofán Ó hOisín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 347

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 347

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ros Muc
  2. XML Page 347
  3. XML “Each Uisce”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Each-uisge.
    'San am fadó bhí fear 'na chomhnaidhe i gCeathramhadh Gairbh ar bruach loch Coirib. Tomás Seóighe an t-ainm a bhí air. Fear maith oibre a bhí ann agus bhíodh sé ag obair ar a chuid talmhan go moch agus go mall. Maidin amháin bhí sé ag siubhal ar bruach an locha. Shuidh sé síos agus bhreathnuigh sé amach ar an loch. Chonnaic sé each bhreágh uisge ag eirge as an loch. Bhí sé chomh dubh leis an sméar agus réalt gheal ina bhaithis. Chraith sé é fhéin agus shiubhal sé suas ar an (talmhan) talamh agus thosaigh sé ag ite an fhéir ghlais. Faoí cheann tamaill d'árduigh sé a chloigeann agus chonnaic sé Tomás. Thosaigh sé ag seitreach agus rith sé amach chuig an loch agus d'imthigh sé as amharc ar an bpoinnte. Cheap Tomás nach bhfaca sé aon capall ariam chomh breágh leis an each uisge agus dubhairt sé leis fhéin go bféafchac [?] sé le breith air dhá dtagadh sé isteach arís. Tháinic sé ag faire ag an loch
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. eacha uisce (~138)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Treasa Ní Máille
    Gender
    Female
    Informant
    Colm Ó Máille
    Gender
    Male
    Age
    44