Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)

Suíomh:
An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Criostóir Mac Aonghusa
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 284

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 284

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gort Mór
  2. XML Leathanach 284
  3. XML “Seanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean Fhocla a chruinnigh gasúir na Sgoile
    Ní i gcomhnuidhe bhíos aonach ann.
    Is beatha do dhuine a thoil.
    Dá chuid den obair í thosuighe.
    Ní fiú an tairbhe an trioblóid.
    Nuair a bhíonns an bolg lán is mian leis na gnámh síneadh.
    An té chruthaigh neamh agus parrthas níor dhearmad sé é féin.
    An té mbíonn an t-ádh air fhéin bíonn sé ar a chat is a mhadadh.
    An lá a bhíonns ag báisteach bíonn sé fliuch.
    Bíonn a chiall fhéin ag chuile amadán.
    Deireadh gach sláinte osna.
    An barran a bhíos mór bíonn an fata mór fuithe.
    Ní airigheann subhach sáthach bolg fallamh.
    Sé teanamh an dá chailleach is gan ceachar acab ag teacht.
    Ní theagann an aois is an óige le chéile.
    Chuait ghearr is í dhéanamh go hannamh is an uair sin fhéin i dteach do charaid.
    Ba mhinic deatach mór ar dhroch theine.
    Sé dubhairt an bhean ruadh bhí i dtosach an tsluaigh gan an dorus ó thuaidh bheith osgluigthe.
    I ngan fhios don dlighe is fearr a bheith ann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge