Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)

Suíomh:
An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Criostóir Mac Aonghusa
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 267

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 267

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gort Mór
  2. XML Leathanach 267
  3. XML “Rí na hÉireann”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí beirt driotháir ann fadó driotháir bocht agus driotháir saidhbhir.

    Bhí beirt dhriotháir ann fadó driotháir bocht agus driotháir saidhbhir. Ní rabh ag an driotháir bocht ach aon bhó amháin agus bhí scór ag an driotháir eile. Leanach bó an fhir bhoicht beithigh an driotháir saidhbhir chuile mhaidin agus tráthnóna. Bhí droch bhealach ag na beithigh le dhul agus d'orduigh an driotháir saidhbhir dhá dhriothár casán a dhéanamh nó go marbheóchaidh sé a bhó nuair a bheadh sí ag teacht abhaile. Ní dhearna sé aon chasán le haghaidh na mbeithigh. Aon tráthnóna amháin ní fhaca an driotháir bocht ná a bhean an bhó ag teacht inéindighe leis na beithigh eile. Chuaidh an fear amach dhá cuartú. Ba gearr go bhfaca sé beithigheach i bhfad uaidh. Rinne sé air. Nuair a bhí sé gar dhó bhí fhios aige gur b'í a bhó fhéin a bhí ann. Nuair a tháinic sé go dtí í bhain sé dhí an craiceann. Thug sé leis abhaile é. Thriomuigh sé é agus chuir sé leath-chóroinn sa chuile choirnéal dhe. Thug sé ag an aonach é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.