Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)
- Suíomh:
- An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Criostóir Mac Aonghusa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gort Mór
- XML Leathanach 266
- XML “Rí na hÉireann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bád agus thug siad aníos Céadhtach. Thugadar siar i seomra beag é, agus faoi cheann leath uaire tháinic sé aniar doras an t-seomra chó-maith agus a bhí sé ariamh. Dubhairt Máire go raibh sé chó maith dhá fear féin sgathamh sgíth a thabhairt do na fir a thóg ó mhairbh é. "Tá go maith," adeir Céadhtach. Chuaidh sé isteach i seomra beag agus fuair sé culaith éadaigh dhó féin, agus claidheamh. D'imthigh leis ar maidin le fáinne an lae. Suas na cnocáin raithnighe a chuaidh sé. Ba gearr go bhfaca sé na mílte mílte daoine ag teacht aige. "Ó adeir siad níl siad ag teacht indiu". Rith sé chuca agus bhí sé dhá marbhú ina nduine agus ina nduine go rabh sé tuitim na hoidhche go rabh an duine deireannach marbhuigh aige. Is gearr go mbeadh fhios aige cé'n fáth a rabh siad ag éirighe. Ba gearr go bhfaca sé cailleach ag teacht agus buidéal agus cleite aice. Thosuigh sí ag craithfe an uisge ar na saighdiúir. Thosuigh siad ag éirighe. Acht duine ar bith a bhí ag éirighe bhí sé sínte arís ag Céadhtach. Ba gearr gur bhuail sé an chailleach fhéin. Bhí cailleacha ag teacht go rabh deich gcinn marbh aige. Tháinic cailleach sa deire a rabh drioball uirri. Thosuigh sé fhéin agus Céadthach ag troid. Chuir an chailleach a drioball siar ina bhéal(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Neachtain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Glinn Chatha, Co. na Gaillimhe