Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)
- Suíomh:
- An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Criostóir Mac Aonghusa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gort Mór
- XML Leathanach 263
- XML “Rí na hÉireann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sul má bhí siad bliadhain is fiche bhí siad sáthach fóghluimta. Chuaidh siad amach ag siubhal ar fud an bhaile mhór. Tháinic siad ag ceardcha agus chuaidh siad isteach. Ní rabh an gabha ins an mbaile. "Leag do mhéar ar an -iarann seo" adubhairt Céadhtach leis an Lon-Dubh. Leag an t-amadán a mhéar ar an iarann agus bhuail céadhtach do'n ord é. Thosuigh an triúr ag cur caonach leis an méar. Nuair a stop an fhuil chuaidh siad ag an sgoil. Chonnaic an máighistir maith an mhéar ach níor labhair sé. Nuair a bhí siad bliadhain is fiche ar sgoil tháinic an dá Rí. Bhí áthas mór orru go rabh siad leis na fir óga a thabhairt leó abhaile. Ach nuair a chonnaic Rí an Domhain Thoir a mhac fhéin (an Londubh) an chaoi a bhí ar a mhéar bhí sé ar buile leis an máighistir. Dubhairt an máighistir nach rabh neart ar bith aige air. Chuaidh siad amach annsin an lá cheana agus bhí an chaoi sin air nuair a tháinic sé isteach. Is fearr do Mháire duine ac a phósadh. D'oscail an máighistir na dá dhoras ar an sgoil ceann ó dheas agus ceann ó thuaidh. Sgaoil sé Céadhtach amach an doras ó dheas agus an Lon-Dubh an doras ó thuaidh. "An duine aca sin anois is fearr leat le pósadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Neachtain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Glinn Chatha, Co. na Gaillimhe