Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)
- Suíomh:
- An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Criostóir Mac Aonghusa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gort Mór
- XML Leathanach 252
- XML (gan teideal)
- XML “Bean an Rí agus an Iníon”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí bean ann fadó agus bhí triúr inghean aice”
(ar lean ón leathanach roimhe)máthair nuair a tháinic an inghean chuice. Chuir sí an mála siar sa seomra. Níor tháinic an bhean ag iarraidh an mhála níos mó.- Bean an Rí agus an inghean.Bhí Rí ann fadó agus cailleadh a bhean. Bhí inghean amháin aca. Is gearr gur phós an Rí arís agus bhí inghean eile aca. Níor mhaith leis an leas mháthair an chéad inghean agus chuireadh sí uirri chuile shórt obair a dhéanamh. Bhíodh droch éadach uirri agus droch bhróga. Bhíodh éadach maith ar a h-inghean fhéin agus ní bhíodh obair ar bith uirri a dhéanamh. Lá amháin sa ngeimhridh dubhairt an leas mháthair leis an inghean a dul amach agus sméara fhághail de. D'imthigh an cailín beag léithe faoi shneachta agus faoi fhuacht agus dhá mbeadh sí ag imtheacht ó shoin ní rabh aon sméara le fághail aice. Is gearr go bhfaca sí teach agus tháinic sí go dtí é. Ní rabh duine ar bith istigh nuair a tháinic sí isteach ach bhí teine(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Ghaora
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Inbhear, Co. na Gaillimhe