School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gort Mór
- XML Page 249
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fearr agus bean ann fadó. Bhí mac acu.”
(continued from previous page)dhom a theacht" adeir an fear léithe. "Tháinic mé go ngeobhfinn amach cé an fáth a rabh an lá breágh ann nuair a bhí muid ag cur mo mháthair agus droch lá ag cur m'athair" adeir sé. D'éirigh an bhean na seasamh. Bhí teine mhór ar an teallach. Chuaidh sí taobh istigh de'n teine agus chaith sí uair an chluig ann. Nuair a bhí an uair caithte aice ann d'éirigh sí amach as an teine. Agus dubhairt sí leis an bhfear duine ar bith a thiocfadh ar an saoghal ar feadh na h-uaire sin gur béard a déanfí leis é dhóigheadh. Nuair a bhí ann [!] lá ann d'imthigh an fear gur tháinic sé go dtí droichead. Chonnaic sé fear ag an droichead. "Cá bhfuil tú ag dul" adeir an fear a bhí ag droichead leis an bhfear eile. "Tá mé ag iarraidh fhágháil amach cé an fáth a rabh droch lá againn nuair bhí muid ag cur m'athair agus an lá breágh ag cur mo mháthair". "Sin é an fáth" adeir an fear leis an bhfear eile. "Bhí do mháthair go maith ag dul ag an Aifreann agus ní rabh t-athair. "Agus cé an fáth nach bhfuil an saoghal ag éirghe leis an bhfear seo" adeir an fear leis. "Bíonn sé ag obair ró-fhada Dé Sathairn agus ró-luath Dé-Luain." Ghlac sé buidheachas leis an bhfear agus d'imthigh sé leis abhaile.- Collector
- Eibhlín Ní hUlláin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- An Gort Mór, Co. na Gaillimhe