Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)

Suíomh:
An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Criostóir Mac Aonghusa
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 246

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 246

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gort Mór
  2. XML Leathanach 246
  3. XML “An Gabhar agus na Meannáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Gabhar agus na Mionnáin
    Bhí gabhar ann uair agus bhí sé mhionnáin aige. Lá amháin dubhairt an gabhar go rabh sé féin ag dul amach sa gcoill ag iarraidh rud le n-ithe agus dubhairt sé leis na mionnán gan aon duine a leigint isteach go mbeadh sé féin sa mbaile tráthnona. Dubhairt na mionnáin go mbeadh sé ceart. D’imthigh an gabhar leis agus ní rabh sé abhfad imtighthe go dtáinic duine chuig an doras. Bhuail an duine taobh amuigh agus chomh luath agus chuala na mionnáin ag an doras tháinic faitchíos ar chuile cheann aca. Chuaidh ceann aca go dtí an doras ar éigin. Dubhairt sé leis an duine a bhí ag an doras a chos a chuir isteach. “Ní tusa m’athair” adeir an mionnán “tá cosa geala ar m’athair-sa”. D’imthigh an mac-tíre leis go dtí an muileann agus chuir cosa geala air féin le plúr. D’imthigh leis arís go dtí teach na mionnáin agus bhuail ar an doras arís. Tháinic an mionnán go dtí an doras agus d’osgail an doras dhó nuair a chonnaic sé na cosa geala air. Nuair a chonnaic na mionnáin an mac tíre ag teacht isteach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0333: The Glutton (Red Riding Hood)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Ghaora Inbhear
    Inscne
    Baineann
    Aois
    15
    Seoladh
    Inbhear, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Gaora
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Inbhear, Co. na Gaillimhe