Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)
- Suíomh:
- An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Criostóir Mac Aonghusa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a dtosach agus dubhairt sé gur bí seo an inghean a bfhearr leis. Chuaidh an bheirt aca isteach sa seomra agus fuair siad iad fhéin réidh le h-aghaidh an bhealaigh. D'imthigh leo moch go maith agus nuair a chonnaic an Rí ag imtheacht iad bhí brón agus briseadh croidhe air. D'imthigh leo thar chnoc agus gleann go dtáinic siad i dtír in Éirinn. Shiubhail leo go dtáinic siad go dtí tigh a athair. Nuair a chonnaic an t-athair ag teacht iad ní rabh fhios aige beo cé bhí ann ach chomh luath agus labhair a Mhac bhí fhios aige gur bé bhí ann. Isteach leo agus nuair a chuaidh siad isteach ní rabh duine ar bith istigh ach máthair agus athair Mhac an Rí. Bhí fáilte rómpa agus chaith siad an oidhche sin le spóirt agus le siamsa. Cupla lá na dhiaidh sin pósadh iad agus bhí bainis seacht lá agus seacht noidhche aca. Níor mhaith le inghean an Rí a bheith in Éirinn agus dubhairt sí le Mac an Rí lá amháin go gearr go mbeadh sí fhéin ag dul abhaile go dtí a h-athair. Dubhairt Mac an Rí léithe gan a dul ach fanacht sa n-áit a rabh sí. Ba cuma léithe. Níor thug sí aon áird ar a chuid cainnte. Maidin bhreágh d'éirigh sí go moch agus ghléas sí í féin i gcóir an bhealaigh. Amach léithe agus d'imthigh go dtáinic sí go tigh a h-athair. Nuair a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Ghaora
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- Miceál Ó Ghaora
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60