Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)
- Suíomh:
- An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Criostóir Mac Aonghusa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dhul a chodladh thug Mac an Rí a aghaidh ar an leaba. Ar maidin d'éirigh mac an Rí chomh luath agus a d'éirigh an ghrian. "Tá obair agam dhuit a Mhac Rí" adeir an fear beag liath chomh luath agus d'éirigh sé. D'ith sé a bhéile agus amach leis. Sé an obair a chuir sé ar an lá seo snáthad a bhí sa gcró a chaill a shean-mháthair a bheith aige sul a mbeadh an ghrian faoi tráthnóna. Chuaidh Mac an Rí síos agus ní rabh sé ag déanamh aon mhaith go dtáinic Mac an Rí go dtí a dhinnéar. Chuaidh sé ag ithe agus nuair a bhí sé réidh bhí an t-snáthad ag inghean an fhir léith. D'imthigh inghean an fhir léith abhaile. D'fhan Mac an Rí na shuidhe síos go rabh an ghrian ag dul faoi tráthnóna. D'imthigh leis agus an fáinne aige. Nuair a chuaidh sé suas níor thug sé an fáinne don fhear beag liath go dtí go rabh sé ag dul a chodladh. Thug sé dó é ach b'fhearr leis gan é bheith aige chor ar bith. Chuaidh Mac an Rí a chodladh agus bhí sé na shuidhe chomh luath agus d'éirigh an ghrian an tríomhadh lá. Bhí an aimsir istigh aige sa domhan thoir anois ach an lá seo. Dubhairt an fear beag liath leis a dhul amach agus na caiple a chuir isteach. Chuaidh sé síos ach nuair a chonnaic na caiple é rith siad chomh maith agus bhí siad indon.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Ghaora
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- Miceál Ó Ghaora
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60