Scoil: An Gort Mór (uimhir rolla 10582)
- Suíomh:
- An Gort Mór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Criostóir Mac Aonghusa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gort Mór
- XML Leathanach 193
- XML “Seanfhocail atá i gCeantar Scoil an Ghoirt Mhóir agus a Chruinnigh Malraigh na Scoile sin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Fhocail atá i gceanntar
Scoil an Ghuirt Mhóir, agus a
Chruinnigh malraigh na sgoile sin.1. Is fearr an t-sláinte ná an saidhbhrias.2. Sé Dian an fear is fearr.3. An té nach gcuirfe sa n-Earrach ní bhainfe sa bhfoghmhar.4. Is fearr rith maith ná droch sheasamh.5. Is goire cabhair Dé ná an doras.6. Is fearr cara sa gcúirt ná punt sa sparán.7. Is fearr féachaint tomhat ná dhá fhéachaint in do dhiaidh.8. Is fearr go deireannach ná go bráth.9. An muileann bhíos ag síor mheilt muileann sé mín agus garbh.10. Focal ciallmhar focal géar.11. Nuair is cruadh don chailligh caithfe sí rith.12. Triúr cailleach gan a bheith manntach triúr gréasaidhe gan a bheith bréigeach triúr sagart gan a bheith sanntach sin dháréag nach bhfuil sa tír.13. Tá dhá bhealach ann an daigean is an ceann.14. Ní thagann ciall roimh aois.15. An té tá saor caitheadh sé cloch.16. Is fearr marcuigheacht ar ghabhar ná cosidhe dhá fheabhas.17. An té a dtéigheann cúil na mochóirige amach dho níl cáil dó éirighe go meán lae.18. Ní mar síltear bítear.19.Fághann na ba bás chuns bhonns an féar ag fás.20. Sodar indiaidh na n-uaisle an sodar is measa ar(leanann ar an chéad leathanach eile)