Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 121
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- [Seán Ó Máille, Camus Uachtair, Casla Co na Gaillimhe a d'innis na sgéalta sel ar leanas. Tá trí sgóir agus cúig bliadhna slánuighthe aige is chuals sé féin na sgéalta 'na óige cois na teineadh ó shean-uncal leis a bhí in aon-teach leis.]Bhí bean ann fadó agus bhí triúr fear ag tigheacht ag breathnughadh uirthi, Talmhaidhe, Táilliúr agus Greasaidhe. Ní raibh a fhios aici annsin cé acu a b'fhearr dí a phósadh. Bhíodh an táilliúr agus an gréasaidhe an gléasta acht ní bhíodh ar an talmhaidhe acht gioblachai stróichthe. Lá amháin chuir an bhean sean-éádaigh uirthi féin agus d'imthigh léithe a iarraidh an cheist a réidhteach.
Tháinic sí isteach i dteach an ghréasaidhe agus leig sí uirthi féin gur bean shiubhail a bhí inntí. Ní raibh sa teach roimpí acht sean bhean agus d'iarr sí lóisdín na h-oidhche uirthi. Fuair sí sin agus fáilte. Thosuigh bean an tighe ag innseacht dhi go raibh mac aicí is go raibh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán O Máille
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe