Scoil: Cloigeann
- Suíomh:
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Fathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cloigeann
- XML Leathanach 295
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ciste Óir i bhfolachTá páirc in aice Ros a' Dilisg, agus tá an t-ainm seo uirtí "clóchaí clorra". Tá ciste óir i bhfolach sa pháirc seo agus tá sé ann ón aimsir a bhí na tighearnaigh talmhan in Éirinn. Fuair Micheál Ó h-Allmhúráin agus Micheál Ó Tuathail an ciste. Seo an scéal im dhiaidh faoi.
Bhí nós ag na tighearnaighibh - aon rud a gheobhadh na Gaedhil d'órduigheadh siad an rud sin a thabhairt dóibh féin. Ní dhéanadh na daoine é sin, agus ba dháltha an scéil ag an beirt thuas é. Chuir siad i bhfolach é, mar cheap siad nuair d'imtheochadh na tighearnaigh as an áit do gheobhfadh siad féin an ciste. Tamall in a dhiaidh sin do troideadh cath agus do marbhuigheadh na daoine a chuir an ciste i bhfolach sa talamh. Ní raibh fhios ag duine ná deóraidhe cá raibh an ciste annsin. Deireann na sean-daoine go bhfuil na sidheóga ag tabhairt aire dhó, go dtí go siubhailidh duine d'fhuil na ndaoine a chuir ann é, treasna na páirce, agus gheobhfaidh an duine seo an méid atá i dtaisce sa pháirc.
Bhí cailín ag déanamh turais treasna na páirce uair amháin. Chonnaic sí rud áirighthe ag spréacharnaigh fé sholas na gréine. Nuair a tháinic sí comh fada leis an rud céard a bhí ann acht an ciste. Do scannruigheadh í agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Stiofán Ó Tuathail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros an Duilisc, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Coingheáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 95
- Seoladh
- Ros an Duilisc, Co. na Gaillimhe