Scoil: Fearann an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomhnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i-bhfairrge é, agus tháinig sé i-dtír i-gCill Éinne i-n-áit ar a dtugtar Port Éidhthe air. Sin é an chéad seagal a tháinig go h-Árainn, agus tá seagal ann ariamh ó shoin. Sé an áit a cuireadh Naomh Éinne i-gCill Éinne. Baistear ainmneacha leanbhaí don Naomh agus glaoidhtear an t-ainm sin ar bhádaibh a bhíonns ag iascach. Tá tobar leath-mhíle taobh thiar de'n teampall ar a dtugtar Dabhach Éinne air. Bhíodh daoine ag tabhairt torais ar an tobair. Aon lá amháin tháinig bean gan aon chreideamh agus nigh sí a cosa san tobar, agus níor tháinig aon uisce san tobar ó shoin.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Chonghaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Eochaill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Eochaill, Co. na Gaillimhe