Scoil: Fearann an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomhnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearann an Choirce
- XML Leathanach 306
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Leigheasanna
Craos Ghalra: Duine nach bhfeicfeadh a athair bheadh leigheas ag an duine sin air; nó dá m-beadh seachtmhadh mac nó inghean idteach bheadh leigheas ag na seachtmhadh mac nó ag an seachtmhadh inghean.
Faithne: Sé an leigheas atá air: Cubhar na bhFataí a bheadh ag fiuchadh, nó fuil a bhaint as an bhfaithne agus é do chuimilt ar dhuine eile.
Easbaidh: Sé an leigheas atá air mada beag míosa a oscailt agus é a leagan leis dí-bheo.
Triuc: Sé an leigheas atá air, páiste a chur amach faoi bholg asail.
Bhí sé ráidhte go raibh leigheas ag corr sean-bhean ar fhiabhras beag leis an artha a chur. Chaithfér gráinne min-choirce agus im gan salann a thabhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Fhlaithbhearta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Fhlaithbhearta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe