Scoil: Fearann an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomhnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 301

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 301

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fearann an Choirce
  2. XML Leathanach 301
  3. XML “Cúram na gCos”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cúram na g-Cos
    Ní chaitheadh na b-páiste aon bhróg san t-sean-aimsir go m-bíodh siad sé bliadhna. Téigheann leanbhaidh an lae indiu cosnochtuighthe san Samhradh mar bíonn an aimsir go breágh. Ní théigheann na páiste atá anois cosnochtuighthe san n-Geimhreadh mar bíonn an aimsir fuar.
    Tá fíor-uisce go dona ag na cosaibh, acht tá an sáile go maith dóibh. Bíodh daoine ag déanamh bróg san t-sean-aimsir acht corr-dhuine a dhéanann bróga san oileán anois. Bonn leathair agus amantaí “Rubber” fá na brógaibh anois. Bhíodh stuf ar a d-tugtar “Putpart” mar bhonn faoi na bróga san t-sean-amisir. Gheibhtear bróga as Gaillimh anois. ‘Sé an saghas rud é “Putpart,”
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
        1. bróga (~1,841)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghillín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Gillin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe