Scoil: Listowel (B.) (uimhir rolla 1797)
- Suíomh:
- Lios Tuathail, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Brian Mac Mathúna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Listowel (B.)
- XML Leathanach 441
- XML “Oíche Bhealtaine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Dá mbeitheá ag' breith leamhnachta go dtí aon áit eib, ba cheart salann a chur ann ar an lá san.
2. Ní cheart blátha a phiocadh an oidhche sin.
3. Dá bhfaightheá uisce as tobar do chomharsan go moch ar maidin lá Bealtaine bheadh a chuid ime san ag laighdiú ar feadh na bliana & bheadh sé ag teacht chughat. Daoine áirthighthe sa cheanntar so ní leigeann siad do dhaoine eile uisce a thógaint as an dtobar lá Bealtaine.
4. Fanann an-chuid sa líon-tighe sa leabaidh maidin Bealtaine mar ní maith leo an teine d'adú[?].
5. Ní cheart romhar níos doimhne ná sé troighthe oidche Bealtaine.
6. Dá mbeifí ag déanamh arán lá Bealtaine, dheanaidís na griodail a mhalairtiú.
7. Deirtear go mbíodh daoine ag ábháil[?] thairt a d'iarraidh teacht isteach san áit 'na bhfuil an choigeann agus chuiridís a gcaipíní ar mhaide na cuiginne agus tosuigheadh an chuigeann 'dá oibriú féin & bhéaraidís abhaile an t-im nuair a bhíodh sé déanta.
8. Ní cheart dul isteach i reilg oidhche B. mar do thiocfadh duine ded mhuinntir amach chughat.
9. Ní cheart bronntanas ime ná br. uibheacha a thógaint lá B. Chun an comacht a briseadh dá mbéadh sé tógtha agat bha cheart duit iad do chaitheamh sía an bhóthair i ndhiaidh an duine do thug t'éis imteacht dó. Rud eile a bhriseann an comhacht iseadh múin. Comhartha an-mhís-ádhmharach iseadh im no ubh a fhagáil in áit nár ghnáthach iad a bheith ann an lá so.
10. Is ceart uisce coisceachan[?] a chaitheamh at theorainn do chuid talmhan lá B.
11. Dá mbeadh tor aitinn agat ar an dteorainn no i mbeárnain ba cheart duit teine a chur fé agus na ba a thiomáint trídh an dteine.
12. Ní cheart luachair a bhaint oidhche B.
13. Bí anamna na marbh i gcomhnaidhe san ngríosaigh & go mór-mhór an oidhche seo.
14. Ba cheart buicéad uisce úire & cupán glan d'fhágaint i lár an úrláir an oidhche seo.
15. Ba cheart an biadh a thabhairt dos na mucaibh istigh sa chistinigh oidhche B.
16. Ní cheart ainm ainmhidhe a ghlaodh ach ar dhuine a rith an mhíosa so.
17. Ní cheart ach "Máire" a bhaisteadh ar gearc an líbh[?] a bheirtear sa mhí seo.(leanann ar an chéad leathanach eile)