Scoil: Clochar na Toirbhirte, Liostuathail (uimhir rolla 4062)

Suíomh:
Lios Tuathail, Co. Chiarraí
Múinteoirí:
Bríd Nic Oscair An tSr. Íde An tSr. Muire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0405, Leathanach 357

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0405, Leathanach 357

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, Liostuathail
  2. XML Leathanach 357
  3. XML “Fothracha - Caisleán Béil”
  4. XML “Fothracha - Lios ar Thalamh Mhuintir Uí Loinsigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá fothrach caisleáin ag Béal. Ban-tighearna Ciarraidhe a bhí in a cómhnaidhe ann. Bhí arm aici. Duine de'n arm sin a beadh Tomás Mac Muiris, ach do thréig an t-arm sin agus chun breab d'fhághail chuaidh sé isteach in arm Shasana. Bhí an ban-tighearna ar buile leis, ní nach ionguadh[?]. Ach chuimhnigh sí ar phlean chun sásamh a bheith aici. Chuir sí cuireadh cuige, ag iarraidh air teacht ar ais go féasta mór a bhí aici dó.
    Annsan, siúd chun siubhail leis an mban-tighearna go Co. an Chláir agus fuair sí cúigear cailíní agus gléas sí iad in éide catha. Tháinig Tomás, agus cuireadh fíor chaoin fáilte roimis, agus shuidh sé chun an féasta. Nuair a bhí an féasta fé lán tseóil, amach leis na cailíní agus mharbhuigheadar ar an bpointe baise é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    2. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Cheallaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Lios Rua, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Domhnaill Ua Duilleán
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Doire an Daimh, Co. Chiarraí
  2. Tá an lios seo suidhte timcheall ocht míle ó Lios Tuathail agus gairid do Baile Bhuinneánaigh. Oidhche amháin bhí taidhbhreamh ag buachaill go raibh próca óir i dtaisce san lios, & dá n-éirigheadh sé go luath ar maidin ag éirighe na gréine & an áit do thocailt go bhfaigheadh sé an t-ór. An mhaidin in a dhiaidh sin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.