Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 298
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus dubhairt sí le gach uile shnátha a bheith na bhréidín aice sul dá dtiocfhadh an tráthnóna. Chuaidh an cailín isteach i seomra agus ní raibh sí indon cos ná lámh a leagan ar an snátha Ba ghearr go dtáinic bean isteach a raibh "srón fhada uirthe. Thosuigh an bhean ag obair agus ba ghearr go raibh bréidín déanta de'n t-snátha aice. D'imthigh an bhean annsin agus dubhairt sí leis an gcailín gan innseacht d'on bhean cé a rinne an bréidín. Tháinic an bhean isteach tráthnóna agus bhí sí chomh buidheach sin d'on chailín gur fhiafhruigh sí di a bpósadh sí a mac. Dubhairt an cailín go bpósadh agus fáilte. Phós sí féin agus an mac annsin agus fuair siad cailín aimseardha. Ní raibh aon rud le déanamh aice ach i na suidhe síos agus a' breathnughadh uatha. Mhair siad go maith uaidh sin amach.
- Bailitheoir
- Máire Nic Fhualáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Stiophán Mac Fhualáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe