Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 285
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thuit an oidhche air.
Casadh isteach i dteach é agus d'iarr sé lóistín. Dubhairt bean an tighe go bfhagheadh agus fáilte acht nach raibh tada le nithe aca le tabhairt dhó. Nuair a tháinic fear an tighe isteach d'fhiafruigh sé de'n fhear a bhí istigh roimhe cá raibh sé a' dul.
D'innis sé an sgéal (de) d'fhear an tíghe, agus dubhairt fear an tighe leis go raibh sé fhéin ag cur tuighe ar an teach le blianta agus go raibh braon anuas ag an doras fós agus nach raibh a fhios aige céard budh chionntach leis, agus má fhághann tú fios dhuit fhéin fágh fios dhomsa adeir sé.
Lá ar na bhárach d'imthigh leis an (b) mac budh shine leis agus casadh isteach i dteach é.
D'iarr sé lóistín agus fuair sé é agus fáilte. D'fhiafruigh fear an tighe dhó cá raibh sé a' dul. D'innis sé an sgéal dhó.
Dubhairt fear an tighe, "Tá mise ag obair moch Dia Luain agus déidheanach Dia Sathairn agus tá mo dearbhráthair ar an taobh eile de'n t-sráid agus ní dhéanann sé acht buille fánach ó Luan go Satharn agus tá neart airgid aige, agus má fhághann tú fios dhuit féin fáigh fios dhomsa."
D'imthigh leis an mac budh shine ar maidin agus bhí sé a' siúbhal nó go raibh sé 'na oidhche. air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siúbhán Ní Ráighne
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 32
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe