Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 260
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aríst í. Dubhairt sé annsin go mbainfheadh sé an clár de'n chomhnra. Bhain sé an clár dhe agus ní raibh innte ach sguab fhraoch. "Cá bhfuil an drifiúr anois no an í an sguab seo í." Thugadar an fear ag an teach leó. D'iar[r] an fear an dreabhthair ba sine chuig a theach go dtasbáinfea[dh] sé a dhrifiúr dhó. Dubhairt sé nach rachadh. D'iarr sé an dara mac agus dubhairt sé nach rachadh. Dubhairt an mac do b'óige leis go rachadh sé fhéin in-éinfheacht leis. Fuair sé an capall agus d'imthigh an bheirt aca ag triall ar an teach. Bhí sé ag tuitim na h-oidhche, nuair a bhí siad ag teacht ingar do'n teach. Bhí an drifiúr na seasamh sa doras. Thuit an dreabhthair nuair a chonnaic sé í. Tháiniceadar isteach. Réidhtigh sí biadh agus deoch dóibh d'óladar agus d'itheadar a sáith. Nuair a bhíodar réidh d'iarr an dreabhthair abhaile í. Dubhairt sí nach rachadh mar a dtiocfhadh an fear a shábháil í in-éinfheacht léithe. D'iarr sé cead ar a athair thug an t-athair sin dhó. D'imthigheadar annsin. Chuaidh an bhean ar an gcapall in-éinfheacht leó. Tháinic siad go dtí an teach cuireadh fáilte rómpa; Tháinic na comharsanna uilig ag breathn[uigh] uirre. Tháinic an fear a bhí ag dul dhá pósadh cheana agus d'iarr sé ar an athair aríst í. Dubhairt sé nach dtiubharfhadh sé d'aon fhear í ach an fear a thug uaidh na sídheóga í.
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Niadha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Mac Fhualáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68