Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 257
- XML “Stail Uí Dhúgáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Thug an Rí an cliabhán óir agus an téan a bhí istigh ann dhó agus d'imthigh leis.
Annsin chuaidh siad abhaile agus tháinic an sionnachín suas aríst leis, agus dubhairt sí leis gan a bheith chomh-seafóideach is go dtabharfadh sé an cliabhán dá leas-mháthair
Bhí an leas-mháthair tuas ar mhullach an tighe agus í gar dá bheith básuighthe.
Caithfidh mé suas an cliabhán seo agat adeir mac an Rí acht beir thusa air agus ná leig dhó tuitim."
Chaith sé suas é agus shíl an leas mháthair breith air acht thuit sí anuas agus briseadh a muineál.
Bhí an teach agus chuile shórt dá raibh ann aige annsin. Bhí an bhean óg agus an stailín, agus an craiceann muice, agus an coileán coin, agus an chlaidheamh soluis, agus an téan agus an cliabhán ag mac an Rí dhó fhéin ar deire.Nóta.
Budh í an sionnachín máthair mhac an Rí a bhí básuighthe le tamall roimhe sin agus bhí draoidheacht aice.- Bailitheoir
- Siúbhán Ní Ráighne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Liam Seóige
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Inis an Ghainimh, Co. na Gaillimhe