School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 256
- XML “Stail Uí Dhúgáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a bhí indhon í [?] a mharcaidheacht.
Chuaidh mac an Rí agus an bhean ar capall eile.
"Anois adeir an sionnachín ná bhí chomh seafóideach is bhí tú an chéad uair, ná tabhair an stail seo do Rí[gh?] na gColumhan Órda acht déanfaidh mise stail dhíom fhéin agus tabhair dhó mé".
Rinne an sionnachín stail dhí fhéin agus thug mac an Rí isteach go dtí Rí na gColumhan órdha í.
Chuir Rí na gColumhan Órdha isteach san stábla í agus thug sé an craiceann muice agus an coileán Coin dhó
D'imthigh leó agus tháinic an sionnachín suas aríst leó.
Nuair a bhí siad gar dá bheith san Ríoghacht Ó Thuaidh dubhairt an sionnachín le mac an Rí gan a bheith chomh-seafóideach is bhí sé an chéad uair, agus gan an craice[ann] muice ná an coileán coin a thabhairt do's na Cailleac[ha] Dubha, acht go ndéanfadh sí fhéin coileán coin dhí fhéi[n] agus í a thabhairt dhó agus mála beag eile a bhí aice.
Rinne an sionnachín coileán coin dí fheín agus thug ma[c] an Rí do's na Cailleacha Garbh í agus fuair sé an Claidheamh Soluis uatha.
D'imthigh leis aríst agus Tháinic an sionnachín suas leis
Nuair a bhí siad gar dhá bheith san Domhan Thiar.
"Anois adeir an sionnachín, ná bí chomh-seafóideach is bh[í] tú an chéad uair agus ná tabhair an chlaidheamh seo do'n Rí acht déanfaidh mise claidheamh dhíomh fhéin agus tabhair dh[ó] mé". Rinne sí claidheamh dhí fhéin agus thug mac an Rí go dtí an Rí í.(continues on next page)- Collector
- Siúbhán Ní Ráighne
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Liam Seóige
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Inis an Ghainimh, Co. na Gaillimhe