Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 255
- XML “Stail Uí Dhúgáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a chonnaic an bhean mac an Rí ghlac sí gráin ar an bhfear a bhí sí ag dul a' phósadh agus chuir sí suas dhó.
Annsin dubhairt an bhean nach bpósfadh sí aon fhear acht fear a chaitheadh an geata de léim agus é a' marcaidheacht ar chapall.
Bhí go leór daoine ag an ngeata agus capall ag gach duine aca.
Bhí cuid aca ag briseadh a gcuid muineáil ag iarraidh an geata a chaitheadh de léim.
Tháinic an sionnachín agus mac an Rí chomh fada leis an ngeata agus chaith an sionnachín é de léim agus bhí mac an Rí a' marcaidheacht ar a druim.
Is tusa an fear a phósfas mise adeir an bhean.
D'imthigh le mac an Rí agus leis an mbean agus an sionnachín.
"Ná bíodh tusa chomh seafóideach is bhí tú cheanna ná tabhair uait an bhean seo anois acht déanfaidh mise bean dhíom fhéin agus tabhair isteach ag an Rí mé agus cuirfidh sé isteach san seomra mé agus tiocfaidh mé amach (fá) tré pholl na heochrach aríst agus tiocfaidh mé suas libhse".
Rinne an sionnachín bean dhí fhéin agus thug mac an Rí chuig Muinntir Uí Dhúgáin í agus chuir an Rí isteach san seomra í agus do chuir sé glas ar an doras
Fuair mac an Rí an stail agus d'imthigh leis féin agus an bhean óg.
Tháinic an sionnach bheag suas aríst le mac an Rí.
Chuaidh an sionnachín ag marcaidheacht ar an stailín agus budh é(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siúbhán Ní Ráighne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Liam Seóige
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Inis an Ghainimh, Co. na Gaillimhe