School: Leitir Mór
- Location:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Tomás Mac Confhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitir Mór
- XML Page 250
- XML “Stail Uí Dhúgáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fad dhóibh"
"Muise más mar sin atá an sgéal agat-sa ní bhe[idh] do bhás orainne" adeir siad, acht cuirfidh muid fá gheasa thú .i. gan an dara béilidhe a itheadh ar aon bhord ná an dara h-oidhche a chodhladh ar aon leab[a] nó go dtuga tú chugainne annseo an chlaidhaimh soluis atá ag na Cailleacha Dubha atá san Ríoghacht ó Thuaidh.
D'imthigh le mac an Rí agus casadh an sionnach[ín?] aríst leis. Bhí sí an-díomhbhuaidheach dhó acht mar sin féin rinne sí capall dhí féin aríst agus dubhairt sí leis a dhul ar a druim.
Rinne sé amhlaidh.
Nuair a bhí siad gar de thighe na gCailleacha Dubh[a] dubhairt an sionnachín le mac an Rí a dhul isteach agus gan an chlaidheamh a osgailt nó go dtabharf[adh] sé chuice fhéin í.
"Nuair a bhuailfas tú an doras" adeir sí, fiafróchfa[idhe] dhíot a bhfuil aon cheird agat agus abair go bhfuil." "Ní fhaca siad siúd fear ariamh cheanna agus ní bheidh a fhios agat céard a dhéanfas siad leat, ach[t] bí deas cineálta leó".
D'imthigh mac an Rí isteach agus d'fhan an sionnachín taobh amuigh.
Bhí na Cailleacha Dubha an-fhiadháin ar dtús agus ní raibh a fhios acab céard a dhéanfadh siad le mac an Rí, mar ní fhaca siad aon fhear cheanna(continues on next page)- Collector
- Siúbhán Ní Ráighne
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Informant
- Liam Seóige
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Inis an Ghainimh, Co. na Gaillimhe