Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 248
- XML “Stail Uí Dhúgáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)'Ó Muise' adeir an sionnachín, "ní mórán maitheasa atá san lón san agat", agus Fan istigh go dtagaidh mise isteach. Budh ghearr go dtáinic an sionnachín ar a[is] agus bhí gé mhór marbhuighthe aice. Phioc sí an ghé agus bhruith í.
Nuair a bhí an ghé bruighte d'ith mac an Rí agus [?] an sionnachín í.
Chuaidh an sionnachín amach aríst agus thug sí isteach slám luachair agus chaith sí i gcoirnéal an tighe í agus dubhairt le mac an Rí síneadh ann go maidin.
Rinne mac an Rí amlaidh.
Ar maidin d'imthigh leis an sionnachín agus le mac an Rí.
Rinne an sionnachín capall dhí féin, agus dubha[irt] le mac an Rí a dhul ar a druim, agus nach mb[eadh] siad i bhfad ag dul do'n Domhan Thoir.
Rinne mac an Rí amhlaidh, agus d'imthigh leó do'n Domhan Thoir.
Nuair a bhíodar gar de theach an Rí dubhair[t] an sionnachín le mac an Rí a dhul isteach agus má éirigheann leat adeir sí, "ná h-osgail an cása a bhfuil an téan istigh nó go dtuga tú chugam-sa annseo é."
Thug sí píosa cruadhach dhó agus dubhairt sí leis "nuair a racfadh sé isteach go bhfhiafróchfaidhe dhó a raibh an [!] cheird aige" agus dubhairt sí leis a rádh go raibh sé indhon cliabháin éanachaí a dheasú go maith.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siúbhán Ní Ráighne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Liam Seóige
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Inis an Ghainimh, Co. na Gaillimhe