Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 246
- XML “Stail Uí Dhúgáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tug an Rí an mac i láthair agus bhí sé bliain is fiche an tam seo.
Chuaidh an Rí amach ag fiadhach an lá seo agus bhí an mac ag dul in aoinfheacht leis nuair a d'iarr an leas-mháthair air fanacht istigh ag[us] go rachfadh siad ag imirt chártaí.
"Dubhairt seisean nach raibh sé indhon aon imirt a dhéanadh".
"Muise adeir sí nach mór an náire dhuit é, dá dtagadh (aon) daoine annseo anocht ag imirt chár[taí] agus an comhaireamh a bheith aca acht fear amhái[n] agus gan tusa a bheith indhon seasamh dhóibh." Suidh síos agus múinfidh mise dhuit é, adeir an leas-mháthair.
D'imthigh an Rí amach ag fiadhach agus chuaidh mac an Rí agus an leas-mháthair ag imirt chártaí. Ghnothuigh mac an rí an chéad chluiche.
"Tabhair do bhreith anois", adeir an leas-mháthair
"Muise cé'n bhreith a thabarfainn" adeir sé, acht tú éirghe de do chathaoir agus suidhe aríst uirri.
Ghnothuigh mac an Rí an dara cluiche freisin.
"Tabhair do bhreith anois" adeir an leas-mháthair.
"Muise cé'n bhreith a thabharfainn" adeir sé.
Ghnóthuigh an leas-mháthair an tríomhadh cluiche.
"Tabhair do bhreith anois", adeir mac an Rí.
"Muise ní beag dhuit-se a thúisge" adeir sí. "Cuirm-se fá gheasaibh thú gan an dara h-oidhche(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siúbhán Ní Ráighne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Liam Seóige
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Inis an Ghainimh, Co. na Gaillimhe