Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 236
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)isteach an méid airgid a bhí aice a bhí aice [!] a thabhair[t] dó. Choisrig sí í féin agus tháinig faitchíos uirthe Dubhairt sé leis an mbuachaill breith uirthe agus a clogann a leagann ar an mbloc.
Bhain sé an dá láim di i dtosach agus nuair a bhí na lámha caitte siar aige, rug an bhean a bhí thiar orra agus choinnigh sí iad.
Bhain sé an cloigeann di annsin agus chaith sé siar é mar an gcéadhna. Dubhairt sé annsin go raibh bean eile le theacht fós agus muna raibh sí istigh go dtiocfhadh sí.
Annsin dubhairt an fear go ngabhfadh sé féin a chodhladh agus go bhfanfadh an buachaill ag faire an dorais. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc rinneadar amhlaidh.
Nuair a cheap an bhean a bhí san seomra go raibh an fear i na chodhladh. tháinic sí aniar go dtí an buachaill.
D'iarr sí cara agus comairce ar í a leagan amach agus thug sé sin dhí agus leig sé amach í.
Chuaidh sí abhaile go dtí a h-athair agus a máthair annsin agus ní raibh súil ar bith aca léi. mar bhí go leór ban ar iarraidh san am sin.
Caith sí cheithre lá agus cheithre oidhche gan eirghe.
Dubhairt a h-athair annsin go raibh sgannradh éigin uirthe. Deirigh sí ar maidin an cuígeadh lae agus dubhairt sí le na h-athair.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Fhualáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Anna Seóige
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 19
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe