Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 225
- XML “An Long ar Eilteog”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'eitigh sé é, Faoi cheann bliain is lá arís tháinic sé a bhaile agus ní raibh aon long ar eltóg déanta aige.
Dubhairt an tríomhadh mac le na mháthair go raibh sé féin ag dul ag déanamh long ar eltóg, agus go m'bearr dhí cáca dhó dhéanamh dhó. Rinne sí dhá cháca dhó. Ar maidin d'fhiafruigh sí dhó cé aca dob fhearr leis an cáca mór agus a mallacht nó an ceann beag agus a beannacht. Dubhairt sé go m'bfhearr leis an ceann beag agus beannacht a mháthar.
Dubhairt sé go raibh inghean Rí an Domhain Thoir le fághail ag duine ar bith a dhéanfadh Long ar Eltóg. Thug sí an cáca beag agus a beannacht dhó agus d'imhthigh sé. Con a b'ainm dhó.
D'imhthigh leis agus casadh an madra beag céadhna leis agus a casadh le na bheirt dearbhráthar.
D'iarr an madra píosa de'n cháca air. Thug sé dhó é. Bhí an madra an bhuidheach dhó.
Is ag dul ag déanamh Long an Eltóg atá tú adeir an madra beag le Con. agus éireóchaidh leat. Do bhí do bheirt dearbhráthár annseo an lá cheanna agus d'iarr mise píosa de'n cháca ortha, acht níor thug siad dhom é, adeir an madra. beag.
Thosuigh an madra beag ag bailiú píosaí ádhmaid agus fá cheann bliain is lá bhí an long ar eltóg déanta aca.
Thug an madra beag slaítín do'n tríomhadh mac agus dubhairt sé leis, uair ar bith a mbeadh fonn air(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siúbhán Ní Ráighne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Cualáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 30
- Seoladh
- Leitir Calaidh, Co. na Gaillimhe