Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 200
- XML “Laoi na Con Duibhe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus dá dtéightheá a' seilg indiu ná i mbárach dá dtugthá cúl ná cnáimhín do'n fhear mhaol.
Ach mar sin féin leigtear "Ceann-dá-sgúch" síos ar chunntar ná h-éirigheann di lot.
An gruagach beag a tháinic léithi go dtiubhrfaidh mé féin do theangmháil cloch."
Annsin leigeadh Ceann-dá-Sgúch síos agus níor bhfada gur eirigh di an lot.
Ní túisge ná bhí ionntódh bainte as an ngruagach beag a tháinic léithi.
Nuair a chaitheadh an fear maol cloch, mar ní fhaca tú ariamh stoirm a' séideadh sop ná cith a dul taobh aniar de loch, níos míne ghéire bhíodh a' tigheacht ná Conán Fial ag caitheadh cloch.
"Mo chrádh go ráidhte a Fhinn agus a Ghuill Díomais atá 'do neart, bheirim maithteannas dhíbh ar Confairt Fianna Fáil, ach tógaidh dhíom an fear maol 's a chuid cloch".
Ann sin tógadh ceann-dá sgúch suas go honórach uasal a ghuailnibh fear.
Ach ar Thúrla níor leag dúrla "gur iarr sé cú aríst ar Chonlaid Charaid.
Ann sin leigeadh an slabhra ó Bhrághaid Bhrain, cé go raibh sí onórach go leór, bhí sí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Mac Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Lorcáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe