Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 193
- XML “Bás Aristotle”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mbfearr dhóibh bualadh leo agus 'Harry Stotle' a fhágail annsin.
D'imthigh leo ach ní rabhadar i bhfad imthighthe gur hairigheadh imthighthe iad. Chuir "Harry Stotle" a mhac 'na ndiaidh agus dubhairt leis rith le n-anam, go cinnte go mbíad an triúr dearbhrathar iad agus go raibh a chnaipe féin deánta muna dtugtaí ar ais beo nó marbh iad.
Bhain an mac as agus ba ghearr go raibh sé a' teacht suas leo. Dairigheadar-san 'na ndiaidh é. Bhíodar faoi seo, a' tarraingt ar chuan a raibh ortha a dhul thairis. Fuaireadar fear báid a thug treasna iad le luas lasrach agus nuair a bhíodar treasna dubhairt an mac a b'óige leis an mbeirt eile go rachadh sé féin treasna sa mbád aríst agus go gcuirfeadh sé moill ar mhac Harry Stotle mar go raibh sé an-ghar dhóibh an uair sin.
Ar ais aríst leis an bhfear óg sa mbád. Cheangail sé an bád agus shiubhail leis agus ba ghearr gur casadh mac "Harry Stotle" dhó. D'fhiafruig sé de'n fhear óg a bhfaca sé aon triúr fear a dul an bealach nó measfadh sé a mbéadh sé féin in don a theacht suas leo. "Chonnaiceas a mh'anam", adeir an fear óg, Is mise a chuir treasna iad sa mbád.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Mac Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraic O Flatharta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Máimín, Co. na Gaillimhe