Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 191
- XML “Bás Aristotle”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus is féidir leat leanacht leat ar an tsuisteáil 'na dhiaidh sin.
Ba ghearr go dtáinic an teachtaire ar ais théis a beith a' glaodhach ar an bhfear a bhí a' glanadh na sgioból.
"Ara", ar seisean, "is cosamhail le fear buile é siúd. Níl faic déanta aige; ach sé n chaoi bhfuil sé, caitheann sé dhe a léine agus cuireann sé air a bháinín in áit, annsin caitheann sé de a bháinín agus cuireann sé air a léine aríst, agus mar sin atá sé a' caitheamh na haimsire. Chuaidh Harry Stotle féin amach go bhfeicfeadh sé mo dhuine.
Nuair a chonnaic sé an fear óg ar an obair seo, d'fhiafruigh sé dhe cén fáth a raibh sé ar an obair seo.
"Maise", ar seisean, "sin iad báinín m'athar agus léine mo mháthair agus níl fhios agam cé aca is goire dhom.
"O" adeir "Harry Stotle" is goire dhuit do mháthair? ach fág mar sin anois é go n-ithidh tú do bricfasta ar d'tús.
Ba ghearr go dtáinic an teachtaire aríst agus sgéal chaillighe an uathbháis aige nach raibh fear na luaighe a déanamh faic ach a' teacht de rása go dtí an crann agus an tuagh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Mac Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraic O Flatharta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Máimín, Co. na Gaillimhe