Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Mór
- XML Leathanach 188
- XML “Bás Aristotle”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhealach féin.
I gcionn tamaill tháinic an mac ba shine go dtí teach. Bhuail sé féin agus fear a' tighe bleid ar a chéile.
"Cá bhfuil tú ag dul mar sin", ar san fear leis.
"Maise tá mé ar lorg máighistir", ar san fear óg
"Agus ceárd atá tú indon a dheánamh"? ar san fear leis.
"Máise níl súisteóir ar bith in-chinnte orm", ar san fear óg.
"Is tusa go díreach an fear a fheileas mise" ar san fear leis, tá dó no trí de chruachaí arbhair le bualadh agam agus déanfaidh tú an obair go deas.
Bhí go maith, ní i bhfad eile gur bhuail fear óg eile isteach agus beannuigheadh dhó.
D'fhiafruigh fear an tighe dhe cá raibh sé ag dul agus dubhairt seisean go raibh sé ar lorg máighistir.
"Agus cén obair obair [!] atá tusa indon a dhéanamh arsan fear.
"Bhuel", arsan fear óg, "níl fear ar bith indon sgiobóil a ghlanadh agus a chartadh chomh maith liom.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomás Mac Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraic O Flatharta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Máimín, Co. na Gaillimhe