Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amuigh a's dubhairt sé liom nach dtiocfadh sé isteach nó go n-innsithi sgéal gan aon bhréag dhó; Chuile chineál feola a chur isteach sa bpota atá ar a dhruim aige ag imtheacht; agus nuair a bheadh an sgéal innsighthe bheadh an fheoil bruithte a's go shuidhfeadh sé síos annsin as go n-íosadh sé a dhóthain di.
"Fan go fóillín" ars mac an Rí "sin an fear a raibh mise ar a thóir".
Rachaidh mise amach aige a's is gearr go mbeidh an sgéal innsighthe. Bhuail mac an Rí amach. D'ionnsuigheadar feín a chéile go ndearnadar cruadhán gon bhogán a's bogán gon cruadhán; go dtugadar toibreacha fíor uisge aníos thríd na leacracha glasa. Annsin chuimnigh mac Rí Eireann nach raibh fear a shínte nó a caointe le faíl. Thug sé cor dó a's cuir go dtí na bhásta é, an dara cor go dtí na asgaill, agus an triú cor go dtí na mhuineál.
"Do char a's do chuimre" arsa Mac Dabharnáin "a's lig as seo mé."
"M'anam" arsa mac Rí Éireann "gur(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nioclás Ó Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laoi
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe