Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar seisean "an bhean a shaothruigh mé a's an bhean a shábháil mé a's tiúra mé liom abhaile í ag m'athair a's mo mháthair. Dfhág sé slan a's beannacht ag an Rí a's tháinig sé feín a's í feín abhaile go dtí teach a athara a's a mháthara. Chomh luath a's tháinig siad abhaile chuir an Rí goirmsgoil amach ar fad an oileáin. Chruinne muinntir an oileáin chuig an mbainis. Nuair a bhí an bhainis dhá caitheamh tháinig fear go dtí an doras. Deirigh an sean-Rí. Chuaidh sé amach a's diarr isteach é.
"Nílim ag guil isteach" ar seisean "nó go bhfághaidh mé fear a innseóchas sgéal gan aon bhréag dom. Nuair a innseóchaidh sé sin dhom ar seisean cuirfe mé mairtfheoil, caoirfheoil, mucfeoil a's chuile cineál eile g'eoil a marbhuigheadh ariamh síos sa bpota seo ar mo dhruim Nuair a bhéas an sgeál innsighthe beidh an fheoil bruithte agus iosaidh mise mo dhóthain di. Tháinig an Sean Rí ar ais go dtí 'na áit. Leig sé osna a's chuir sé rata as an teach.
"Fear faoi gheasa tú a athair" ars an mac
"Ó" ars an t-athair "tá fear annseo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nioclás Ó Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laoi
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe