Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"A bhuel" ar seisean Caithfe mé a ghuil isteach, agus isteach leis go dtí an fear bhí istigh. Bhí pota mór ar a dhruim ag teacht aige seo. "Is dóighe" arsa mac Rí Éireann leis "gur tú an fear a bhfuilim-se ar a thóir". Dionnsuigheadar feín a chéile. Chaitheadar trí oidhche a's trí lá ag troid. Ar an triú lá deirig le Mac Dabharnáin mac Rí Eireann a bhualadh a's gur fhág sínte é. Annsin leag sé an pota mór anuas air agus shuidh sé ar an bpota. Oidhche a's lá a chaith sé na shuidheamh air a's nuair a shíl sé mac Rí Éireann bheith plúchta faoin bpota deirigh sé a's thóig an pota. Nuair a thóig sé aníos an pota chonnaic sé beó é. Deamhan blas a rinne sé acht ritheacht le n-anam.
"Bhuel anois" arsa mac Rí Éireann "má's gaisgidheach tú gabhfaidh tusa ar mo thóir-sa Ní leanfaidh mise níos fuide thú". Ní dhearna sé acht filleadh ar ais go dtí an long a's bhí míle fáilte ag na mná óga roimhe
Buail sé abhaile go dtí teach na mban óg. Chuir an sean Rí céad míle faílte roimhe. "Anois" ar seisean "féadfaidh tú do rogha bean aca a phósadh". "Pósfaidh mé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nioclás Ó Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laoi
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe