Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus pioc amach an ceann is fearr leat. Bhuail sé síos go h-íochtar na luinge. Bhí sé ag gul thríd na claidhmhí go bfuair sé sean-claidheamhe a bhí ithte le meirg. Chraith sé é agus bhain sé seacht dtonna meirg dó. Bhuail sé aníos arís.
"Anois" ars mac Rí Éireann "cé sibh-se"
"Bhuel" ars an caiptín "mise an fear atá ag imtheacht ar thóir fear nach bhfuil fhios a'm faoin domhan cé é feín nó cén t-ainm atá air. Gaisgidheach a tháinig a'inn tá os cionn lá a's bliain ó shoin agus thug lámh conganta dhom feín a's mo dhrárachaí. Mhara sé a raibh roimhe a's níor thaobha sé muid ón lá sin go dtí an lá indiu. Tá an fathach a's a chuid luingis istigh ar an talamh aige arís go mbaine sé an t-oileán fré chéile amach, a's tá mise ag imtheacht a's ag síor-imtheacht ar thóir an fhir sin." "Mise an fear sin" arsa mac Rí Éireann. "Anois bhfuil aon mhaide maith i do luing". "Tá a's neart" ars an caiptín. "Tabhair leat do long anois" ar seisean "agus coinne í mar déarfas mise leat". Dimthigh leo a's níor stop siad ariamh go dtáinig siad go dtí an áit a raibh an fathach a's a chuid luingis. Thosuigh sé ag góilt ortha leis an gcuaille mór a's(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nioclás Ó Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laoi
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe