Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)filleadh ar ais arís nuair a deirigh mac Rí Eireann go ghlan-léim gon carraig agus chuaidh sé isteach sa mbád aca. Thugadar go dtí an caiptín é. "Cé thú feín" adeir an caiptín leis. "Ní duine uasal thú ná caiptín luinge" adeir sé "a's dhá mba eadh (yea) sgaoilthea as seo mé" "Is fíor dhuit" ars an caiptín agus sgaoil sé an ceangal bhí air. "Anois" ars an caiptín nuair bhí sé sgaoilte "cé thú feín". "Ní duine uasal ná caiptín luinge thú" adeir sé "a's dhá mba eadh ní cheistneó mé go bhfuigthea mé nighte glanta bearrtha "Is fior dhuit" ars an caiptín agus fuair sé nighte glanta bearrtha é. "Anois" ars an caiptín "cé thú feín". "Ní duine uasal thú ná caiptín luinge" adeir sé "a's dhá mba eadh thiúra culaith eadaigh dhom". Tugadh dhó an chulaith éadaigh. "Anois" ars an caiptín "cé thú feín". "Ní duine uasal thú ná Caiptín Luinge" adeir sé "a's dhá mba eadh thiúra rud le n-ithe dhom." Tugadh a bhéile dhó. "Anois" ars an caiptín "cé thú feín". "Ní duine uasal thú ná caiptín luinge" adeir sé "agus dhá mba eadh chuirá claidheamhe i mo láimh" "Bhuel" ars an caiptín níl aon chlaidheamhe agam annseo acht gabh síos go h-íochtar na luinge. Tá neart annsin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nioclás Ó Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laoi
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe