Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chuir sí an fainne a bhí aice ar a méir feín isteach ar a mhéir. Annsin chaith mac Rí na dturcach amach sa bhfairrge é agus dfhilleadar abhaile. "Bhuel" cuirim-se faoi gheasa na bliana tú" ars an inghin ba sine "gan fhios a bheith a'd an fear nó bean mise ná mo dhrifuracha go ceann lá 's bliain a's má bhiónn muid 'na dhiaidh sin a'd beidh muid go brathach a'd." Bíodh sin mar adubhairt tú arsa mac Rí na dturcach.
Bhí sé ag imtheacht ar bharr na tuinne. Ní raibh baoghal múchadh ná báthadh air chúns bhí an fainne ar a mhéir. Sa deireadh cuireadh isteach ar charraig mhór é. Bhí sé ar an gcarraig annsin go bhfaca sé long ag gul thairis lá. Thosuigh sé ag glaodhach a's a béiceadh.
"Tá" arsa caiptín na luinge "duine eicínt istigh ar an gcarraigh sin a's is fearr díbh a ghul isteach ag feachaint cén sort duine é feín."
Cuaidh ceathrar fear a's bád isteach go dtí é. Nuair a chonnaiceadar chomh fiadháin a's bhí sé bhuail sgannradh iad agus ní gabfaidís níos fuide. Dfhilleadar ar ais. Chuir an caiptín ceathrar eile amach. "Ná tagaid ar ais agam-sa gan é bheith agaí ag teacht díbh" ar seisean.
Chuadar isteach a's ma chuaidh feín sganntradar nuair a chonnaiceadar é a's bhíodar ag brath ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nioclás Ó Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laoi
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe