Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"A níl sé i mo chailíocht" adeir sé "filleadh go mbeidh 's agam cé tá ar an oileán". Bhuail sé isteach. Cé bheadh annsin acht mac Rí na dturcach. Bhí aon nduine a's fiche ag mac Rí na dturcach ag torruíocht mná deasa. Nuair a tháinig mac Rí Éireann isteach ar an oileán chonnaic sé na h-aon bhean déag i n-éindigh leis. "Muise ní fhaca mé mo saoghal ariamh mná chomh breágh a's tá leis an bfear seo, adeir mac Rí na dturcach Bhuail sé suas go dtí na shean fhear glic. "Cén bás a thiuras muid air go bfuighidh muid na mná óga atá leis" ar seisean leis an sean fhear glic. "Bhuel anois" ar seisean tá do dóthain le deanamh a'd. "Anois" ar seisean "níl aon fhear sa domhan indiu i n-an cainnt ar an bhfear a bhfuil tú ag plé leis, a's ní bfuighidh tú an ceann is fearr ar sin go brathach go guire [!] tú ar meisge é." "Agus cén chaoi a gcuire mé ar meisge é." adeir mac Rí na dturcach. "Teire anois a's dean poll síos sa talamh san áit atá tú do shuidhe. Annsin faigh funnel mór fada a's cuir taobh istigh go do léine í. Cuir geall leis nach bhfuil aon fear sa domhan i n-an an oiread fuisge leat feín ól. Dearfaidh seisean go bhfuil agus tosóchaidh sé ag ól. Bí tusa á leigint síos sa bhfunnel a's ní bheidh aon deóir ólta a'd, agus beidh seisean ag ól go dtuite sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nioclás Ó Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laoi
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe