Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)íocshláinte sé leighfeas thú". Ghearr sí a méir a's thum i gceann de na baraillí í a's cén áit a gcuirfeadh sí í acht isteach sa mbaraille nimhe. Bhuail pian í, a's ní dhearna sí acht í thumadh sa mbaraille íocshláinte. Isteach le mac Rí Éireann sa mbaraille íocshláinte a's nuair bhí sé nighte glanta ann bhí sé chomh slán chomh sliún a's bhí ariamh.
"Té sibh feín" arsa mac Rí Éireann le na mná. "Aon driufúr déag muid" ar siad-san "leis an Rí a raibh tú i na theach a leithide seo g'oidhche agus tá mise le pósadh amáireach le fathach an oileáin a's beidh mo dheichniúr drifurachaí na gcailíní aimsire aige chun's mhairfeas sé".
Maidin lár na bháireach cuireadh gairm sgoil amach faoi dhéint na bainse. Ní raibh duine ar an oileán nar chruinnigh isteach ag teach na bainse. Bhí sean chailleach chearc ag an bhfathach a's bhuail mac an Rí chuice síos tráthnóna deireannach. Diarr sé loistín.
"Muise nach mór an t-iongnadh nach ar an mbainis atá tú" ars an chailleach leis.
"Cá'il an bhainis" ar seisean. "Ó" ar sise "nach bhfuil 's a'd go bfhuil an fathach mór a's inghin an Rí dhá bpósadh amáireach" "M'anam" ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nioclás Ó Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laoi
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe