Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a uilleann a bhualadh ar i n-aghaidh na caillighe a's leis an bfáisge a thug an chailleach dhó chuir sé a uilleann treasna trithe agus mharbhuigh sé í.
Nuair a bhí sin deanta aige bhuail sé siar a's é na chroiceann go dtáinig sé go dtí an t-oileán seo.
Bhí aon inghin déag an Rí istigh i ngrianán ar an oileán céadna agus chonnaiceadar an fear óg ag deanamh ortha. "Tá an fear is breághchte ar leag mé mo shúil ariamh air ag gul siar annsin" ars an inghin ba sine aca "agus tá sé loithti leóinte: Tá rud istigh annseo a'inne agus dhá bhféadadh muid é thabhairt dó leigheasfadh sé é. Teannaidh i leith annseo a dhriurachaí go mbainidh mé 'ur ngruaig anuas dibh agus deanfaidh muid dréimire a thiúras isteach annseo é". Chuala mac Rí Éireann an chainn[t.] "Níl aon cháll dhuit rud ar bith dhá short a dheanamh" ars seisean acht fosgail an fhuinneóg a's ní gaisgidheach mise mar a bhfuil mé i n-an a ghuil ge léim isteach thríd an bhfuinneóig.
H-oscladh an fhuinneóg. Deirigh sé ge léim agus isteach leis san áit a rabhadar.
"Bhuel anois" ar sise "Tá dhá bharaille annseo baraille nimhe a's baraille íocsláinte acht níl 's a'm cé aca is fearr". "Acht fan go fóil" ar sise "gearrfaidh mé mo mhéir a's cuirfidh mé isteach i chaon baraille í a's pér bith cé aca an baraille(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nioclás Ó Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laoi
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe