Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)'chaon taobh dó. Ní fada bhí sé sínte nuair tháinig an sean ghiorrán bán a phoitín a's a chleitín aige. "Eirigidh suas a bhuachaillí" a deireadh sé a's é cuimilt an chleite dóibh. "Foill leat a shean ghiorráin bháin" adeir sé "na cuir níos mó na seasamh nó má chuirir ní liom-sa a chuideós siad". D'ionnsuigh sé feín agus an sean-ghiorrán bán a chéile acht má dionnsuigh feín ní fada sheas sí dhó. Luigh sé siar arís. Ní fada bhí sé 'na luighe nuair a tháinig sean chailleach mhór mhillteach a poitín a's a cleitín aice a's thosuigh sí ghá gcur na seasam. "Foill leat a chailleach adeir sé "ná cuir níos mo na seasamh nó má chuirir ní liom-sa a chuideós siad.
"Ná ba fearr a bhéas tú a mac Rí Éireann" ars an chailleach acht tá mise réidhtighthe romhat Tá naoi n-orlaigh go phlát iarainn ar mo mhuineál-sa, tá naoi n-orlaigh go plát chruach ar mo chliabhrach, tá naoi n-orlaigh cruaigh g'ingne ar mo chosa, tá naoi dtroighthe go dhruball iarainn anuas ar mo thóin le na gcuirfidh mé chun báis tú"
Chas sí a druball iarainn tar timpall air.
Is annsin a chuimnigh mac Rí Éireann air feín. Thosuigh sé dhá faisge leithe isteach. Nuair a bhí sé faisgithe leithe isteach bhí sé ag ceapadh go raibh sé réidh. Ní dhearna sé acht a lámh a bhualadh ar a brollach agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nioclás Ó Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laoi
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe