Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)blogam as. Rug sé air a sgian agus bhain píosa den fheoil go [?] chaon phláta go na trí plátaí agus dól sé blogam as chaon mhuigín go na trí muigíní antra. Nuair a bhí ithte is ólta aige dairigh sé an torann ag teacht. Ní raibh sé g'am aige a ghuil i n-áit ar bith acht isteach faoin mbord. Táinig triúr fathach isteach, agus shuidheadar isteach ag an mbord. "Bhain duine eicínt" arsa fathach aca "ruainín go mo spoilín feola-sa." "Muise ní dhearna sé aon choithís liom-sa acht an oiread leat" arsa fathach eile aca. "Ní dhearna ná an choithís liom-sa" ars an fathach eile. Ba ghearr gur thuit rúinín feola ar an urlár ó dhuine aca agus chrom sé le na thógáil, agus céard d'fheicfeadh sé istigh faoi'n mbord acht mac Rí Éireann "Gabh 'mach as seo agam" ars an fathach. Tháinig sé amach. "Cé thú feín" arsa fathach aca. "Mise mac Rí Eireann" ar seisean "acht cé sibh-se." "Triúr dreáir muide" ar siad-san "agus bhí aon driúr amháin againn. Tháinig fathach as an domhan thiar tá seacht mbliana ó shoin agus diarr sé í. Bhí ceithre oileán a'inn sul a cailleadh ár n-athair a's ár máthair acht nuair a cailleadh iad tháinig an fathach agus dubhairt go gcaithfeadh muid ceann de na h-oileáin a thabhairt dó. Thug muid sin dó. Tháinig sé an bhliain na dhiaidh sin agus dubhairt go gcaithfeadh muid oileán eile a thabhairt dó. Ní raibh aon fhonn orainn sgaradh leis an dara oileán acht leisge.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nioclás Ó Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laoi
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe