Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dómhadh h-ingin déag a's mara dtiubhradh m'athair annseo mé bháitheadh an fathach an t-oileán fré chéile."
"Níl aon cháll imnidhe dhuit" arsa mac an Rí agus chaith sé féin a's í féin tamall fada a cainnt a's a cómhradh go bhfaca sé long luachmhar láidir ag teacht go dtí é. Bhí iomradh na gceadtaí uirthe a's gan uirthe acht aon nduine amháin.
"Go mba seacht míle measa a bhéas tú bliain ó 'niu" ars an fathach, "marach a feabhas a's shiubhail mé bheadh mo bhean phósta tugtha a'd leat."
"Ní ag iarraidh ceart ná cóir ort a tháinig mise indiu" adeir mac an Rí "acht le ceart a's cóir a bhaint dhíot".
Dionnsuigheadar féin a chéile go ndearna siad cruadhán gon bhogán, agus bogán gon cruadhán go raibh diún a's deireadh an lae a deanamh ar a chéile, gur chuimnigh mac Rí Éireann air féin nach raibh fear a shínte ná fear a chaointe le fághail. Ní dhearna sé acht a chlaidheamhe a tharraing agus a chloigeann a bhainnt de. Nuair a chonnaic muinntir an oileáin an fathach mór marbhuighthe ritheadar le na n-anam, mar shíleadar go mbaithfeadh an fear seo an t-oileán fré chéile.
Thug sí leiteh abhaile go dtí na dhinnéar é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nioclás Ó Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laoi
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe